How can I participate?
In May 2009, citizens from all EU countries will present their recommendations for our social and economic future to European leaders and candidate Members of the European Parliament. You can help them in this challenging task. Let your voice be heard! Let us know what you believe the EU can do to shape our economic and social future in a globalised world. The ideas which receive the most support will be discussed at the European Citizens Consultation in your country and then at European level.
Engaging in the debate on this website enables you to take part in ECC 2009 and get your voice heard.
There are two times in this project when your voice is particularly important:
1. To generate ideas on the economic and social future of the European Union (December 2008 - March 2009): You can contribute to the debate on what the EU can do to shape our economic and social future, discuss the issues which are important to you with others, make concrete proposals and vote on proposals made by others. We look forward to your contributions!
2. Debate the recommendations (April – May 09)
The outcome of the European Citizens’ Consultations in all 27 Member States will be a list of recommendations from citizens on how Europe can shape our economic and social future. Comment on these results before they are handed over to the European leaders !
Conas is féidir liom bheith rannpháirteach?
I Mí na Bealtaine 2009, cuirfidh saoránaigh ó thíortha ar fad an AE a gcuid moltaí mar gheall ar ár dtodhchaí, idir shóisialta agus eacnamaíoch, faoi bhráid cheannairí na hEorpa agus iarrthóirí sa Pharlaimint Eorpach. Is féidir leat cabhrú leo i dtaca leis an tasc dúshlánach seo. Cuir do thuairim in iúl! Cuir in iúl dúinn cad é is féidir leis an AE a dhéanamh, dar leat, lenár dtodhchaí, idir eacnamaíoch agus shóisialta, a mhúnlú i ndomhan domhandaithe. Pléifear na smaointe is mó tacaíochta ag Comhairliúchán na Saoránach Eorpach i do thírse agus ansin ag an leibhéal Eorpach.
Cuirfear ar do chumas bheith rannpháirteach in CSE 2009, agus do thuairim a chur in iúl, má ghlacann tú páirt sa phlé ar an suíomh gréasáin seo.
Tá dhá ócáid ann le linn an tionscadail seo nuair atá sé níos tábhachtaí ná riamh go gcuirfí do thuairim in iúl:
1. Smaointe a ghiniúint faoi thodhchaí eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais Eorpaigh (Nollaig 2008 - Márta 2009): Is féidir leat cur leis an díospóireacht faoin méid ar féidir leis an AE a dhéanamh lenár dtodhchaí a mhúnlú, idir eacnamaíoch agus shóisialta, agus is féidir leat na ceisteanna sin a phlé atá tábhachtach duit féin agus do dhaoine eile, tograí nithiúla a dhéanamh agus vóta a chaitheamh faoi thograí a chuireann daoine eile isteach. Táimid ag súil le cloisteáil uaibh!
2. Pléigh na moltaí (Aibreán – Bealtaine 09)
Is é an toradh a bheas ar Chomhairliúcháin na Saoránach Eorpach i ngach ceann de na 27 mBallstát ná liosta moltaí ó shaoránaigh faoin tslí inar féidir leis an Eoraip ár dtodhchaí a mhúnlú, idir eacnamaíoch agus shóisialta. Tabhair do thuairim faoi na torthaí seo sula gcuirtear faoi bhráid cheannairí na hEorpa iad!