Who are we?

 

The European Citizens’ Consultations 2009 are run by a unique consortium of more than 40 independent European partner organisations, led by the Belgian King Baudouin Foundation. These include foundations, NGOs, universities and think-tanks from all 27 European Union Member States, who will organise the European Citizens’ Consultations in each Member State.

 

Co-funding comes from the European Commission's "Debate Europe" programme and foundations including the King Baudouin Foundation, the Robert Bosch Foundation, the Compagnia di San Paolo, the Riksbankens Jubileumsfond, and the Calouste Gulbenkian Foundation, as well as funders at national level. A complete list of national funders can be found here.

To find out more about the national partner organising the European Citizens’ Consultation in your country, please click here.


The work of the national partners is supported by European organisations which contribute information and assistance to the project and the consortium:

 


Cé muid?

Tá Comhairliúcháin na Saoránach Eorpach, 2009, á reáchtáil ag cuibhreannas suaithinseach ina bhfuil breis is 40 eagraíocht chomhpháirtithe Eorpacha, agus Fondúireacht an Rí Baudoin ón mBeilg i gceannas orthu,  Áirítear orthu seo fondúireachtaí, ENG, ollscoileanna agus meithleacha smaointe ó gach ceann de 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh, a eagróidh Comhairliúcháin na Saoránach Eorpach i ngach Ballstát. 


Faightear cómhaoiniú ó chlár "Debate Europe" an Choimisiúin Eorpaigh agus ó fhondúireachtaí, ar a n-áirítear Fondúireacht an Rí Baudouin, Fondúireacht Robert Bosch, an Compagnia di San Paolo, an Riksbankens Jubileumsfond, agus Fondúireacht Calouste Gulbenkian, chomh maith le foinsí maoinithe ag an leibhéal náisiúnta.  Is féidir teacht ar liosta iomlán foinsí maoinithe náisiúnta anseo.

Le tuilleadh a fháil amach faoin gcomhpháirtí náisiúnta atá i mbun eagrú Chomhairliúchán na Saoránach Eorpach i do thírse, cliceáil anseo, le do thoil.

Tacaítear le hobair na gcomhpháirtithe náisiúnta ag eagraíochtaí Eorpacha a chuireann faisnéis agus cabhair leis an tionscadal agus leis an gcuibhreannas:


•    Fondúireacht an Rí Baudouin – comhordú an tionscadail, cómhaoiniú agus ceannas an tionscadail
•    European Movement International – imeachtaí for-rochtana réigiúnacha i bhfómhar na bliana 2009 agus for-rochtain le páirtithe leasmhara
•    Touteleurope.fr agus La Netscouade – for-rochtain ar líne agus dearadh suímh ghréasáin
•    European Policy Centre – comhairle pholasaí agus bileoga polasaí do shaoránaigh
•    European Journalism Centre – for-rochtain mheán cumarsáide
•    European Citizen Action Service – for-rochtain shochaí sibhialta
•    Fondation pour les Générations Futures – comhordú gníomhaíochtaí acadúla agus meastóireachta
•    B&B Consultants – comhordú agus earcú saoránach
•    IFOK – tacaíocht phróisis agus dheartha